• research
  • projects

Fairscin Inise, Mám as bhailiúchán grianghraf Chartlann Ionaid an Bhlascaoid

Posted by Ciaran Walsh on October 29, 2013 – 11:21 am
Filed under Exhibition, Heritage, Photography

 

 

91 Nmhoga Mason 600dpi

 

 

 

Léargas ar leith ar shaol phobal an Bhlascaoid Mhóir

 

Sheol rí caide na Ríochta, agus oileánach aitheanta, Mick O’Connell, ó Dhairbhre, taispeántas úrnua grianghraif a thugann léargas iontach ar phobal an Bhlascaoid Mhóir idir na bliantaibh 1892 agus 2010, in oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an mBóthar Nua, Cill Áirne, ar an gCéadaoin, 30/10/2013, ag 18.30 mar pháirt d’imeachtaí Oireachtas na Gaeilge 2013. Is é seo an chéad uair atá an bailiúchán seo á thaispeáint lasmuigh den nGaeltacht.

Is é atá sa taispeántas seo, arna chur le chéile ag Ionad an Bhlascaoid agus Ciarán Walsh ó www.curator.ie, rogha de na pictiúir ar fad atá i gCartlann an Ionaid. Cuireadh an taispeántas seo le chéile mar cheiliúradh ar fhiche bliain a bheith caite ó bhunú an Ionad. Tógadh Ionad an Bhlascaoid Mhóir i 1992–93 agus ó shin i leith táthar tar éis cnuasach an-luachmhar de phictiúir a tógadh de lucht an Bhlascaoid a chur le chéile i Leabharlann an Ionaid agus is ann anois atá an cnuasach is mó ar domhan de phictiúir den mBlascaod nó go deimhin d’aon phobal in Iarthar na hÉireann.

Deir Stiúrthóir an Ionaid, Micheál de Mórdha, gur “bronnadh roinnt mhaith pictiúir orainn le fiche bliain anuas, cuid acu gur cóipeanna de phictiúir as mhór-chnuasaigh eile iad, agus níl aon bhiaiste nach dtagann tuilleadh pictiúir ón mBlascaod in ár dtreo. Bain lán do shúl astu, a dhuine, mar go bhfuil os do chomhair anseo taifead de phobal suaithinseach, nach bhfuil ar marthain de ach dornán beag daoine, mar go bhfuil a bhformhór sa chré agus sinn ag druidim  go tréan leis an seascadú bliain ó bhailigh na daoine leo amach as an mBlascaod Mór.”

Ag cur leis sin dúirt an Mórdhach: “Ceapaim go gcuirfidh an taispeántas leis an éagsúlacht mór d’imeachtaí fíor-thaitneamhacha atá i gclár An tOireachtas 2013,  atá ar bun i gCill Áirne arís i mbliana,  is go dtabharfaidh sé éachtaint eile fós ar  an saibhreas oidhreachta atá againn  anseo sa Ríocht.”

Léirítear ann pobal an oileáin agus iad i mbun a ngnóthaí laethúla ar muir is ar tír, ag iascaireacht, ag feirmeoireacht, iad i mbun tí agus ag friotháil ar chuairteoirí. Tá oileánaigh  mór-cháile ina measc, leithéidí Thomás Ó Criomhthain, Mhuiris Ó Súilleabháin & Pheig Sayers, maraon le grianghraif a thóg cuairteoirí mór le rá ar nós John Millington Synge, Carl Von Sydow agus teaghlach MacMonagle Chill Áirne.

Tá an taispeántas le feiscint in árus na Roinne oscailte  ó Luan go hAoine idir 0915 agus 1730.

 

BREIS EOLAIS:

 

Dáithí de Mórdha – Ionad an Bhlascaoid – 0669156444 – daithi.demordha@opw.ie

Mícheál de Mórdha – Ionad an Bhlascaoid – 0669156444 – micheal.demordha@opw.ie

Ciarán Walsh – www.curator.ie – 087 2370846 – curator.ie@gmail.com

 

 

Share to Facebook
Tweet
Permalink|Comments RSS Feed - Both comments and trackbacks are currently closed.
  •  

     

    HOME

     

    Anthropo lab 2016 P1180364 600 dpi

     

     

  • CONTACT

     

    curator.ie@gmail.com

     

    +353872370846

     

    Booleenshare

    Ballyheigue

    Tralee

    Co Kerry

    Ireland

     

     

  • ABOUT

     

    ciaran ambrotype2IMG_0001

     

     

  • News

    • DECOLONISING PUBLIC SPACES IN IRELAND: A PRACTICAL CONTRIBUTION
    • skeletons in the cupboard: anthropology and the diversity debate
    • a new history of Anglo-Irish anthropology marks the centenary of the Haddon Library in Cambridge
    • Maynoothy University awards Ciarán Walsh a Doctor of Philosophy (Arts) Degree.
    • Ciarán Walsh joins RTÉ Brainstorm as a contributor
  •  

     

    COMMENT | BLOG

     

    ballymac-banner1 400




Latest News



DECOLONISING PUBLIC SPACES IN IRELAND: A PRACTICAL CONTRIBUTION



skeletons in the cupboard: anthropology and the diversity debate



a new history of Anglo-Irish anthropology marks the centenary of the Haddon Library in Cambridge



www.curator.ie || Booleenshare, Co. Kerry, Ireland || web design by Kerrynet Solutions