Цемент и портландцемент отличия
Sheol rí caide na Ríochta, agus oileánach aitheanta, Mick O’Connell, ó Dhairbhre, taispeántas úrnua grianghraif a thugann léargas iontach ar phobal an Bhlascaoid Mhóir idir na bliantaibh 1892 agus 2010, in oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an mBóthar Nua, Cill Áirne, ar an gCéadaoin, 30/10/2013, ag 18.30 mar pháirt d’imeachtaí Oireachtas na Gaeilge 2013. Is é seo an chéad uair atá an bailiúchán seo á thaispeáint lasmuigh den nGaeltacht.
Is é atá sa taispeántas seo, arna chur le chéile ag Ionad an Bhlascaoid agus Ciarán Walsh ó www.curator.ie, rogha de na pictiúir ar fad atá i gCartlann an Ionaid. Cuireadh an taispeántas seo le chéile mar cheiliúradh ar fhiche bliain a bheith caite ó bhunú an Ionad. Tógadh Ionad an Bhlascaoid Mhóir i 1992–93 agus ó shin i leith táthar tar éis cnuasach an-luachmhar de phictiúir a tógadh de lucht an Bhlascaoid a chur le chéile i Leabharlann an Ionaid agus is ann anois atá an cnuasach is mó ar domhan de phictiúir den mBlascaod nó go deimhin d’aon phobal in Iarthar na hÉireann.
Deir Stiúrthóir an Ionaid, Micheál de Mórdha, gur “bronnadh roinnt mhaith pictiúir orainn le fiche bliain anuas, cuid acu gur cóipeanna de phictiúir as mhór-chnuasaigh eile iad, agus níl aon bhiaiste nach dtagann tuilleadh pictiúir ón mBlascaod in ár dtreo. Bain lán do shúl astu, a dhuine, mar go bhfuil os do chomhair anseo taifead de phobal suaithinseach, nach bhfuil ar marthain de ach dornán beag daoine, mar go bhfuil a bhformhór sa chré agus sinn ag druidim go tréan leis an seascadú bliain ó bhailigh na daoine leo amach as an mBlascaod Mór.”
Ag cur leis sin dúirt an Mórdhach: “Ceapaim go gcuirfidh an taispeántas leis an éagsúlacht mór d’imeachtaí fíor-thaitneamhacha atá i gclár An tOireachtas 2013, atá ar bun i gCill Áirne arís i mbliana, is go dtabharfaidh sé éachtaint eile fós ar an saibhreas oidhreachta atá againn anseo sa Ríocht.”
Léirítear ann pobal an oileáin agus iad i mbun a ngnóthaí laethúla ar muir is ar tír, ag iascaireacht, ag feirmeoireacht, iad i mbun tí agus ag friotháil ar chuairteoirí. Tá oileánaigh mór-cháile ina measc, leithéidí Thomás Ó Criomhthain, Mhuiris Ó Súilleabháin & Pheig Sayers, maraon le grianghraif a thóg cuairteoirí mór le rá ar nós John Millington Synge, Carl Von Sydow agus teaghlach MacMonagle Chill Áirne.
Tá an taispeántas le feiscint in árus na Roinne oscailte ó Luan go hAoine idir 0915 agus 1730.
BREIS EOLAIS:
Dáithí de Mórdha – Ionad an Bhlascaoid – 0669156444 – daithi.demordha@opw.ie
Mícheál de Mórdha – Ionad an Bhlascaoid – 0669156444 – micheal.demordha@opw.ie
Ciarán Walsh – www.curator.ie – 087 2370846 – curator.ie@gmail.com
Photo: Currachs or Naomhóga by Thomas Mason.межвенцовые утеплители, как сделать оптимальный выбор
Life on the Blasket Islands as never seen before.
On Wednesday, 30 October, Mick O’Connell, football legend and islander, opened an exhibition of photographs of the Blasket Islands and the people who lived there. ‘An Island Portrait’ is being shown in the gallery of the Dept. of Arts, Heritage and the Gaeltacht in Killarney. It features photographs from the archives of The Great Blasket Centre in Dún Chaoin. It covers the period 1892 to 2010, from the the earliest known photographs of the island to contemporary photographs of the islanders.
‘An Island Portrait’ was developed by The Great Blasket Centre and www.curator.ie to accompany the publication by Collins Press of a book of photographs of the Blasket Island. The text was written by Micheál de Mórdha (Director) and Dáithí de Mórdha (archivist) and the photographs were edited by Ciarán Walsh. The book combines classic ‘outsider’ views of the islanders and their way of life with photographs from family albums. The ethnographic look is counterbalanced by personal and, at times, intimate glimpses of family life on the island.
This approach is continued in the exhibition. Many of these photographs have never been exhibited before and the result is a unique insight into life on an island that was evacuated in 1953 but never abandoned.
An Island Portrait / Collins Press